Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.
Lúcás 1:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le dʼurnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagla ort, a Shacaire, óir h-éisteadh do urnaighe; agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus bhéarfaidh tú Eoin mar ainm air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. |
Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.
Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.
Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.
Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n-ar chuireadar é.
Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal.
Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.
Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn.
A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.