Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:27 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach labhair sé leo ar an móimint, agus dúirt sé leo, “Bíodh uchtach agaibh, is mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus ar an bhomaite labhair Íosa leo, ag rádh: Bíodh misneach agaibh: is mise atá ann; ná bhíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:27
21 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge.


Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh.


Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.


Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit.


Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh.


Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;


Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.


Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.


Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir;


Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.


Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.


Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh.


An oidhche ’n-a dhiaidh san do sheasaimh an Tighearna láimh leis agus dubhairt se: Bí seasamhach! Fé mar atá fiadhnuise déanta agat ormsa i n-Ierúsalem caithfir fiadhnuise déanamh orm sa Róimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí