Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 14:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Ach labhair sé leo ar an móimint, agus dúirt sé leo, “Bíodh uchtach agaibh, is mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus ar an bhomaite labhair Íosa leo, ag rádh: Bíodh misneach agaibh: is mise atá ann; ná bhíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:27
21 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt, A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh dhom teacht chugat ar bhárr an uisce.


Agus tháinig Íosa, agus do chuir sé a lámh ortha, agus adubhairt sé, Éirighidh, agus ná bíodh eagla oraibh.


Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.


Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh.


Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.


óir do chonnacadar uile é, agus do bhí scannradh ortha. Acht ar an láthair do labhair sé leo, agus adubhairt, Bíodh meisneach agaibh: mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.


Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air.


Agus adubhairt an t‐aingeal léi, Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuarais grás ó Dhia.


Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh.


Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile:


agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh.


Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal.


Acht adubhairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.


Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí