Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála
Matha 2:23 - An Bíobla Naofa 1981 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh sé a chónaí i gcathair ar tugadh Nasair air, go gcomhlíonfaí a ndúirt na fáithe, “Gairfear Nasarach de.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic sé a chómhnaidhe i gcathair dá ngoirtear Nasair, ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd na fáidhe: Go ngoirfear Nasardha de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan thánic sé ann, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret: do chun go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazairéanach air.” |
Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.”
“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh sa Iordáin ó Eoin.
Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat
Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.
D'fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo.
Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: “Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach.”
“A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.
Is crá croí dúinn an fear seo; bíonn sé ag cothú mioscaise i measc na nGiúdach ar fud an domhain agus is é an ceann é ar aicme úd na Nazórach.
mar féach, gabhfaidh tú gin agus bearfaidh tú mac. Ná luíodh rásúr ar a cheann mar beidh an mac ina naizíreach do Dhia ó bhroinn a mháthar; eisean a chuirfidh tús le fuascailt Iosrael ó láimh na bhFilistíneach.”
Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”