Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:71 - An Bíobla Naofa 1981

71 Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa an Nazórach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

71 Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

71 Agus ag dul amach ar an gheafta dó, chonnaic cailín eile é, agus deir sí leis na daoine a bhí annsin: Bhí an fear seo fosta le h-Íosa as Nasair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

71 Agus nuair do bhí sé imthighthe amach sa bpóirse, do chonnaic cailín eile é, agus adubhairt sí leo‐san do bhí ann, Do bhí an fear so, leis, i bhfochair Íosa Nasardha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

71 Agus ar ndul a mach dhó ann sa phóirsi, do chonnairc cailín eile é, agus a dubhairt sí rís an luchd do bhí a lathair, Do bhí an fearsa leis a bhfochair Iósa Násardha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

71 Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

71 Ar dhul amach sa phóirse dó, chonaic cailín eile é agus dúirt sí leis na daoine a bhí ann: “Bhí sé seo in éineacht le hÍosa Nazórach.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:71
6 Tagairtí Cros  

agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”


Ach shéan seisean é os comhair cách: “Níl a fhios agam cad tá tú a rá,” ar seisean.


Agus shéan sé arís é le mionn: “Níl aithne agam ar an duine.”


I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí