1 Samúéil 1:11 - An Bíobla Naofa 198111 Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus thug sí móid, agus a dubhairt, A THIGHEARNA na sluágh, má fhéuchann tú dha ríribh ar bhuáidhreadh do bhanóglaich, agus mo chuimhniughadh, agus gan do bhanóglach do dhearmad, achd go ttiubhra tú dot bhanóglaich leanamh mic, annsin do bhéara misi don TIGHEARNA é ar feadh uile láethe a bheatha, agus ní racha sgían bhéarrtha ar a cheann. Féach an chaibidil |