Eoin 18:5 - An Bíobla Naofa 19815 D'fhreagair siad é: “Íosa ó Nazarat.” Dúirt Íosa leo: “Is mise é.” Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)5 “Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara5 D’fhreagair siad é: Íosa as Nasair. Deir Íosa leo: Is mise é. Agus bhí Iúdas, a bhraith é, ina sheasamh ina bhfochair fosta. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 D’fhreagradar dó, Íosa Nasardha. Adubhairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do bhí g‐á bhrath, bhí sé ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht leo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Do fhreagradar é, Iósa Nasardha. A dubhairt Iósa ríu, As misi é. Agus do bhí Iúdas, noch do bhraith é, na sheasamh na bhfochuir. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)5 D’fhreagradar é: Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é. Agus bhí Iúdas, an fear a dhíol é, ’n-a sheasamh ’n-a dteannta. Féach an chaibidil |