Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.
Lúcás 1:48 - An Bíobla Naofa 1981 Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ó nárbh bheag leis úirísleacht a chumhaile. Mar féach, ní thiocfaidh glún feasta nach ngairfidh beannaithe díom; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir dhearc sé ar ísleacht a bhaintsearbhónta. Óir féach, as seo suas goirfidh an uile ghlúin beannuighthe díom, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir d’fhéach sé ar isleacht a bhan‐óglaighe: Óir féach, as so amach déarfaidh na geinealaigh uile gurb aoibhinn dom, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhrígh gur fhéuch sé ar úmhla a bhanóglaighe f éin: oír, féuch, ó so súas goirfid na huile chine beannuighthe dhíom. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir d’fhéach sé ar ísleacht a chailín; Mar féach, as so amach, déarfaid na sleachta go léir gurab aoibhinn dom. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhan-óglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. |
Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.
Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.
Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh, óir maireann a bhuanghrá go brách.
Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal; ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.
Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh.
Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.
Fógróidh na ciníocha go léir gur méanar daoibh toisc go ndéanfar tír thaitneamhach díbh, a deir Tiarna na Slua.
Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”
agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.
Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: “Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!”
Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.