Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 102 - An Bíobla Naofa 1981


Urnaí an Deoraí

1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite.

2 A Thiarna, éist le mo ghuí; agus go dtaga mo ghlór ag triall ort.

3 Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna, an uair a bhím do mo bhuaireamh. Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort; éist liom go luath agus freagair mé.

4 Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.

5 Tá mo chroí arna chríonadh mar fhéar; rinne mé dearmad ar mo bhia a ithe.

6 Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.

7 Is cosúil mé le peileacán san fhásach, le hulchabhán i measc na bhfothracha.

8 Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh, mar éan ar dhíon tí ina aonar.

9 Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde.

10 Óir ithim luaithreach mar a ithim arán; agus meascaim mo dheoch le deora,

11 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

12 Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.

13 Maireann tú, a Thiarna, go brách na breithe; maireann d'ainm ó ghlúin go glúin.

14 Éireoidh tú agus déanfaidh tú trócaire ar Shíón, óir is mithid duit trua a dhéanamh di, toisc gur tháinig a hionú isteach.

15 Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha.

16 Beidh eagla ar na ciníocha roimh d'ainm, a Thiarna; agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir.

17 Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón, nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,

18 claonfaidh sé ansin chun urnaithe na ndealbh; agus ní eiteoidh sé a n‑achainíocha chuige.

19 Scríobhtar an ní seo le haghaidh na glúine atá le teacht; moladh pobal nár rugadh fós an Tiarna.

20 “D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde; bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.

21 i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -

22 D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón, agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

23 nuair a chruinneofar na ciníocha agus na ríochtaí le chéile; chun go ndéana siad fónamh don Tiarna.

24 D'ídigh sé mo neart sa tslí; rinne sé mo laethanta a ghiorrú.

25 Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”

26 Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh.

27 Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa; rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh. Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

28 ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.

29 Mairfidh clann do sheirbhíseach go buan; agus beidh a sliocht i do láthair go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí