Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 102:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh, mar éan ar dhíon tí ina aonar.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

8 Bíonn mo naimhde do mo cháineadh ar feadh an lae: agus an dream atá ar mire liom thug siad mionn le chéile im éadan.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

8 Air feadh an lae mo naimhde rinn, Me schanlúghadh le táir; Na daoine tá air mire chúgham, Taid mionuighthe ’m’aigh’ gan náir’.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Scannluighid mo naimhde mé air feadh an laói; an drong atá ar meire am aghaidh atáid air a mionnuibh am aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Bím gan chodladh agus mé ag caoineadh, mar éan ar dhíon tí ina aonar.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 102:8
15 Tagairtí Cros  

Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?


Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna, slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”


Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt.


Is eol duit m'aithis is mo náire, tá m'eascairde go léir i do láthair.


Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile; ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.


Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh; agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha -


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


Uathusan an mhallacht seo a bheidh ar bhéala deoraithe uile Iúdá sa Bhablóin: Go ndéana an Tiarna thusa cosúil le Zidicíá agus Acháb a bhruith rí na Bablóine beo beathach.


Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.


Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.”


Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige.


Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d'aithisiú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí