Salm 102:26 - An Bíobla Naofa 198126 Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh. Féach an chaibidilAn tSaltair 1965 (Ó Cuinn)26 Rachaidh siadsan ar neamhní, ach mairfidh tusa: éireoidh siad sean agus caite mar bhall éadaigh. Féach an chaibidilPsalma Dhaibhí 183626 Buan‐mharthanach bheith tusa féin, Tráth mheithfid siad gan bhréug. Mar éadach sean le hiomad aois, Caithfid go fíor gan ghó; Mar chulaidh a malairt ghnídh tú, A’s claochluighthe beid’san ló. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Meithfidh síad, acht mairfe tusa: rachaid uile a ccaitheamh mar éadach; mar chúlaidh do dhéanair a malairt; agus biáid ar na niomlaóid: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201226 Bhunaigh tú an talamh ar dtús; is iad na flaithis saothar do lámh. Féach an chaibidil |
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.