Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 102:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 D'fhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón, agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

22 Nuair a chruinneofar na ciníocha: agus na ríochta, ionas go ndéana siad seirbhís don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

22 Mar chruinneóchthar na poibleacha, A néinfheaachd le na chéil’; Chum foghnamh don Tighearna Dia, Na Ríoghachta mór go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Mar chruinneochtar na daóine a néinfheachd, agus na rioghachda, chum seirbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Dʼfhonn ainm an Tiarna a fhógairt i Síón, agus a mholadh i gceartlár Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip




Salm 102:22
11 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.


Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!


Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór, ag liúireach le háthas in éineacht, óir is léir dóibh lena súile cinn an Tiarna ag filleadh ar Shíón.


Scairtigí amach le háthas, a bhallóga Iarúsailéim! mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir, tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.


Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.


le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí