Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 102:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

11 Tá mo laethanta imithe mar scáil: agus bímse críon mar fhéar.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

11 Mar sgáile chláon mo laethe sios, A’s shearg me féin mar fhéur;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Is cosmhuil mó láethe re scáile noch théarnuighios; agus atáim amhuil féur ar ccríonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 102:11
12 Tagairtí Cros  

A eascrann mar bhláth agus a fheonn, Agus a imíonn mar scáil gan fanacht -


Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.


Leáim as mar scáil fhada an tráthnóna scuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.


Is cosúil an duine le puth anála; agus a ré le scáil a ghabhann thart.


Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?


Mise an fear a d'fhulaing cruatan faoi shúiste a dhíbheirge.


agus an fear saibhir de bhrí gur íslíodh é mar rachaidh sé ar ceal ar nós bhláth an fhéir.


Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.


“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí