Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 agus scairt sí amach in ard a cinn is a gutha, “Is beannaithe tú i measc na mban, agus is beannaithe é toradh do bhroinne!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus labhair sí de ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thú eadar mná, agus is beannuighthe toradh do bhronn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 agus do ghlaodh sí amach de ghuth árd, Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus do éigh sí do ghuth mhór, agus a dubhairt si, Is beannaighthe thú eidir na mnáibh, agus is beannaighthe toradh do bhronn,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus do labhair sí do ghuth árd, agus dubhairt: Is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhroinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 agus mʼéigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:42
13 Tagairtí Cros  

Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.”


Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh. Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.


Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.


Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”


Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh,


Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?


Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.


á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”


is leo na patrarcaí, agus is díobh an Críost de réir na colainne - an té atá ina Dhia ar an uile ní, moladh go deo leis. Amen.


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Gura beannaithe Iáéil i measc na mban; Bean Heibir, an Céineach; I measc na mban go léir a chónaíonn i mbothanna Gurab í is mó beannacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí