2 Samúéil 7:8 - An Bíobla Naofa 19818 Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Anois ar a nadhbharsin is mar so déara tú rem shearbhfhoghantuigh Dáibhi, Is mar so a deir TIGHEARNA na slógh, Do thóg misí thú ó mhámrigh na gcaorach, ó leanmhuin an tréada, dot bheith ad ríaghlóir ós cionn mo phobail, ós cionn Israel: Féach an chaibidil |
D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.