2 Samúéil 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VII. Daibhi ag gabhail um theampul do thógbhail. 4 Do cuireadh cairde ann go teachd a mhic. 1 Agus tárla, a núair do bhí an rígh na shuighe iona thigh, agus go ttug an TIGHEARNA suáimhnios dó óna naimhdibh uile ar gach éantáobh; 2 Go ndubhairt an rígh ré Nátan an faídh, féach anois, Aitreabhuimsi a ttigh Cedair, achd atá airc an TIGHEARNA na comhnuidhe táobh a stigh do chúirtínibh. 3 Agus a dubhairt Nátan ris an rígh, Eirigh, déana a nuile ní atá fad inntinn; óir atá an TIGHEARNA maille leachd. 4 ¶ Agus tárla a noidhche sin, go ttáinic bríathár an TIGHEARNA go Nátan, dha rádh. 5 Eírigh agus innis dom sherbhíseach Dáibhi, Gur mar so a deir an TIGHEARNA, A ndéana tú tigh dhamsa chum comhnuidhe ann? 6 An tan nar chomhnuigh mé a néaintigh ó nuáir fá ttug mé clann Israel amach as an Négipt, aon gus a niugh, ach do shiubhail mé a bpáillinn agus a ló stín. 7 Ann sna huile áitibh ar shiubhail mé lé cloinn Israel uile nar labhair mé éanfhocal ré héintreibh Disrael, noch dar aithin mé mo phobal Israel do bheathughadh, gha rádh, Cred fá nach ccurthaoi tigh cedair súas damhsa? 8 Anois ar a nadhbharsin is mar so déara tú rem shearbhfhoghantuigh Dáibhi, Is mar so a deir TIGHEARNA na slógh, Do thóg misí thú ó mhámrigh na gcaorach, ó leanmhuin an tréada, dot bheith ad ríaghlóir ós cionn mo phobail, ós cionn Israel: 9 Agus do bhí mé maille leachd ann gach uile bhall ar ghabh tú, agus do ghearr mé amach do naimhde uile as do radharc, agus do rinne mé ainm mór dhíot, cosmhuil re hainm na ndaóine móra atá ar an ttalumh. 10 Os a chionn sin óirdeochuídh mé áit dom phobal Israel, agus suigheochaidh mé íad, chor go ndéanaid comhnuidh a náit bhus léo féin, agus nach ccorrochuid níos mó; agus nach bhuaidheoruid clann na hurchóide íad feasda mar do rinneadar roimhe so, 11 Agus amhuil ó núair fár órduigh mé bhreitheamhuin do bheith ós cionn mo phobail Israel, agus thug mé dhuitse suáimhnios ód naimhdibh uile. Mar an gcéadna atá an TIGHEARNA dá innisin duit go ndéana sé tigh dhuit. 12 ¶ Agus a nuáir chríochnochar do láethesi, agus choidéolus tú a bhfochair haithreadh, cuirfe misi do shliochd súas ad dhiaigh, noch thiocfas amach as tínnighibh, agus daingneochuidh mé a rioghachd. 13 Do dhéana sé tigh dom ainm, agus daingneochuidh misi cathaóir a rioghachdasan go brath. 14 Biáidh misi am athair aige, agus biáidh seision na mhac agamsa. Má ní sé éigceart, smaichdeochad e lé slait na ndaóine, agus le buillighibh chloinne na ndaóine: 15 Acht ní dheileochaidh mo thrócaire ris, mar do rugas í ó Shaul, noch do chuir mé ar siubhal romhadsa. 16 Agus daingneochar do thigh agus do rioghachd go bráth romhad: daingneochar do chatháoir ríogha go bráth. 17 Do réir na mbriatharso uile, agus do réir na fisesi uile, is mar sin do labhair Nátan re Dáibhi. 18 ¶ Agus ann sin do chuáidh Dáibhi rígh a steach, agus do shuigh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA, agus dubhairt sé, Cía misi, a THIGHEARNA Día? agus cred é mo thigh, as a ttug tusa mé go nuige so? 19 Agus fós ba beag so ad radharcsa, a THIGHEARNA Día; ach do labhair tú mar an gcéadna ar thigh do shearbhfhoghantuigh go cian daimsir. Agus a né so dligheadh an duine, a THIGHEARNA Día? 20 Agus cred fhéadus Dáibhi rádh riot nios mó? óir atá fios shearbhfhoghantuigh agadsa, a THIGHEARNA Día. 21 Ar son thfocail, agus do réir do thola féin, do rinne tú na neithe móra so uile, do thabhairt air do shearbhfhoghantuigh a naithneadh. 22 Ar a nadhbharsin atá tú mór, a THIGHEARNA Día: agus ní bhfuil áon cosmhuil riot ann, agus ní bhfuil Día ann táobh amuigh dhíotsa, do réir gach a ccúalamar rer gclúasaibh. 23 Agus cía an cineadh ar talumh cosmhuil re do phobalsa, cosmhuil re Hísrael, noch a ndeachaidh Día dá bhfuasgladh mar phobal dó féin, agus do dhéanamh anma dhó, agus do dhéanamh neitheadh móra agus úathbhásach, dhuitsi, ar son do dhuithche, roimhe do phobal, noch dfúasguil tú dhuit féin as an Négipt, ó na cineadhachaíbh agus ó na ndeeibh? 24 Oír do dhaingnidh tú dhuit féin do phobal Israel do bheith na phobal agad go bráth: agus atá tusa, a THIGHEARNA, ad Dhía aca. 25 Agus anois, a TIGHEARNA Día, an focal do labhair tú a ttáobh do shearbhfhoghantuigh, agus a ttáobh a thighe, daingnidh é go brath, agus déana mar a dubhairt tú. 26 Agus bíodh hainm ar na mhéadughadh go bráth, gha rádh, Sé TIGHEARNA na slógh as Día ós ciónn Israel: agus daingnithear tigh do shearbhfhogantuigh Dáibhi ad lathair. 27 Oír thusa, a THIGHEARNA na slógh, Día Israel, dfoillsigh tú dot shearbhfhoghantuigh, gha rádh, Do dhéana mé tigh dhuit: uime sin fuáir do shearbhfhoghantuigh, iona chroidhe a nurnaighsi dhéanamh chugad. 28 Agus anois, a THIGHEARNA Día, is tusa an Día sin, agus is fíor do bhríathra, agus do gheall tú an mhaithsi dot shearbhfhoghantuigh: 29 Ar a nadhbharsin anois go madh toil leachd tigh do shearbhfhoghantuigh do bheannughadh, chor go mairfidh go bráth ad lathair: óir, do labhair tusa é, a THIGHEARNA Día: agus red bheannughadh bíodh tigh do shearbhfhoghantuigh beannuigh go bráth. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society