Salm 72 - An Bíobla Naofa 1981Ríocht an Mheisias 1 [Salm] Sholaimh. 1 [Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí, agus d'fhíréantacht ar mhac an rí; 2 chun go dtuga sé ceartbhreithiúnas ar a phobal agus cothrom do dhaoine bochta. 3 Go n‑iompraí na sléibhte síocháin don phobal agus na cnoic fíréantacht. 4 Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail; go saora sé clann na mbocht, agus go mbrú sé lucht daorsmachta. 5 Go maire sé mar an ghrian agus an ghealach; ó aois go haois; 6 mar fhearthainn ar an bhfód féir ghlais; mar cheathanna ar an talamh. 7 Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach. 8 Go raibh a réim ó mhuir go muir; ón Abhainn Mhór go críocha na cruinne. 9 Titfidh a naimhde ina láthair; lífidh siad an luaithreach. 10 Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige. 11 Cromfaidh an uile rí go talamh ina láthair; déanfaidh gach cine fónamh dó. 12 Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh. 13 Beidh trua aige don lag is don bhocht, agus sábhálfaidh an duine dealbh. 14 Saorfaidh sé a n‑anam ón bhfeall is ón bhforéigean; óir is luachmhar leis a bhfuil. 15 Go maire sé i bhfad is go mbronntar air ór na hAráibe. Beifear ag guí ar a shon i gcónaí; á bheannachadh ar feadh an lae. 16 Go raibh flúirse arbhair sa tír go mullach na sléibhte. Go raibh seordán a thoradh amhail an Liobáin agus lucht na gcathracha faoi bhláth mar fhéar ar an talamh. 17 Go moltar a ainm go brách, fad a bheidh an ghrian ann. Is tríd a bheannófar gach treibh; beidh gach cine á mholadh. 18 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, an tAon amháin a dhéanann éachtaí. 19 Go moltar a ainm glórmhar go brách; go líona a ghlóir an talamh. Amen! Amen! 20 Críochnaítear leis seo moltaí Dháiví. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart