Irimia 17:11 - An Bíobla Naofa 1981 Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Amhuil luighios an phatruisc air a huighibh, agus nach gcuirionn íad; marsin an té do gheibh saidhbhrios, agus nach lé ceart, fuigfidh sé íad a lár a láetheadh, agus iona chrích dheighionuigh biaidh sé na amadán. |
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
Teipfidh an saibhreas éanuaire; ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.
An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.
Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.
Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.
An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.
An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
“Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart, agus a sheomraí uachtair le héagóir, a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal, agus nach n‑íocann é ar son a shaothair,
Ach níl do shúilese ná do chroí ach ar son do shainte féin, a dhoirteadh fuil neamhchiontaigh agus chun sáraithe, agus foréigean a dhéanamh.”
Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic, ón té is lú go dtí an té is mó; an sagart agus an fáidh araon, déanann siad uile bearta bréagacha.
Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.
“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”
Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
An lá sin smachtóidh mé na daoine go léir a léimeann thar an tairseach agus a líonann pálás a dtiarna le foréigean agus le camastaíl.
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.
Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.
Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.