Irimia 22:13 - An Bíobla Naofa 198113 “Is mairg don té a leagann dúshraith a pháláis le héigeart, agus a sheomraí uachtair le héagóir, a thógann seirbhís a chomharsan gan tuarastal, agus nach n‑íocann é ar son a shaothair, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)13 ¶ A mhairg don tí do ní foirgneadh a thighe re héicceart, agus a sheomradha lé héaccóruibh; ghlacus seirbhís a chomharsan gan túarustal, agus nach ttabhair dhó ar son a sháothair; Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.