Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 22:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 ach éagfaidh sé san áit a ndearna siad cime de é; agus ní fheicfidh sé an tír seo arís.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Acht do gheabha sé bás annsa náit a rugadar a láimh é, agus ní fhaicfidh sé an tirsi ni is mó.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 22:12
6 Tagairtí Cros  

Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.


Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’


Ní fhillfidh siad chun na tíre inar mian leo filleadh.”


Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”


Scriosfar sibh i measc na gciníocha agus slogfaidh críocha bhur naimhde sibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí