Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Míocá 7 - An Bíobla Naofa 1981


Caoineadh an Fháidh

1 Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.

2 Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.

3 Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.

4 Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.

5 Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.

6 Óir tugann an mac easonóir dá athair agus éiríonn an iníon suas in aghaidh a máthar agus an banchliamhain in aghaidh máthar a céile agus is lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

7 Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.


Dóchas d'Ainneoin Dóláis

8 Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.

9 Caithfidh mé cur suas le fearg an Tiarna - mar pheacaigh mé ina choinne - go dtí go n‑agraíonn sé mo chúis agus go seasann sé ceart dom. Treoróidh sé mé chun an tsolais agus feicfidh mé na gníomhartha slánaitheacha a dhéanann sé.

10 Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.


Ré Nua Rathúnais

11 Tá an lá a n‑atógfar do bhallaí ag teacht; an lá sin leathnófar do chríocha.

12 An lá sin tiocfar chugat ón Asaír go dtí an Éigipt, ón Tuír go dtí an Abhainn, ó mhuir go muir agus ó shliabh go sliabh.

13 Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.


Guí an Phobail

14 Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.

15 [Taispeáin dúinn] éachtaí mar a rinne tú agus tú ag imeacht as an Éigipt.

16 Feicfidh na náisiúin iad agus beidh ceann faoi orthu dá mhéad a gcumhacht. Cuirfidh siad a lámha lena mbéal agus beidh bodhaire ina gcluasa.

17 Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.

18 Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.

19 Déanfaidh tú trócaire orainn arís; gabhfaidh tú de chosa inár bpeacaí agus caithfidh tú ár gcionta go léir isteach i nduibheagán na farraige.

20 Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d'Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí