Iób 20 - An Bíobla Naofa 1981Níl aon Eisceachtaí 1 Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: 2 Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach; 3 Is beag orm an teagasc a fuaireas, Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm: 4 Is eol [dom] seo ó na cianta, Ó cuireadh an duine ar talamh: 5 Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh. 6 Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta, 7 Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?” 8 Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche. 9 An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais. 10 Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc. 11 Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha, Ach luífidh sé leis sa chré 12 Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga. 13 Níor mhian leis scaoileadh léi Ach moill a chur uirthi ina bhéal. 14 Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile, Déanann nimh nathrach de ina bholg. 15 An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg. 16 Déanann sé nimh nathrach a dhiúl; Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é. 17 Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola, Ar shlaoda meala agus ime. 18 Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine. 19 Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin. 20 Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh, Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é]. 21 Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan. 22 Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air. 23 (Nuair a líon sé a bholg...) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp. 24 Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é. 25 Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó. 26 Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth. 27 Nochtfaidh na flaithis a urchóid, Agus éireoidh an talamh ina choinne. 28 Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge. 29 Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé Agus oidhreacht a uaille ó Dhia. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart