Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 20:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Déanann sé nimh nathrach a dhiúl; Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Súighfidh sé nimh na naithreach: muirfidh teanga a naithir nimhe é.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 20:16
9 Tagairtí Cros  

Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.


Fónann an fial dó féin; ach goineann an duine cruálach é féin.


Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair, agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.


Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n‑iompar chuig pobal nach fearrde iad é.


Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?


Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola,


Beidh sciobóil ghorta mar airm agam; galar agus eitinn mar nimh. Seolfaidh mé fiacla géara na n‑ainmhithe allta agus nimh na n‑athracha talmhaí ina n‑aghaidh.


Nimh nathracha a bhfíon, agus goimh dhanartha asp.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí