Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 20:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Iárrfuid a chlann na boichd do ríar, agus aiseogaid a lámha a maóin.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 20:10
15 Tagairtí Cros  

Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”


An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg.


Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine.


Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.


Cailltear an seanleon d'uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.


“Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.


Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.


Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.


Má ghabhtar gadaí ag briseadh isteach, agus go mbuailtear buille marfach air, ní bheidh aon éiric fola ann dó;


Má fhaightear an t‑ainmhí a goideadh ina bheatha aige, cibé acu damh nó asal nó caora é, íocadh sé faoi dhó.


Má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht ach greim a choimeád orthu go fóill,


An bochtán a luíonn ar na bochtáin, is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.


Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht, agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.


Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí