Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 20:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Atá sé tairrngthe, agus thig sé amach as an ccorp; thig an cloidheamh loinneardha amach as a dhomblas: atáid úathbhais air.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 20:25
13 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Ióáb leis: “Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,” agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach.


Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.


Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.


Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.


Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.


Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche.


Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.


Breitheamh ceart cóir é Dia, Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.


Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.


Cad chuige duit m'anam a ruaigeadh? cad fáth a bhfolaíonn tú d'aghaidh orm?


Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.


Nuair a bheidh faobhar ar mo chlaíomh lonrach, agus go dtéim i mbun cúis na córa, déanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde, agus díolfaidh mé an comhar le lucht m'fhuatha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí