Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 20:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Thairíssin rachuidh sé amúgha go bráth mar a shalchar féin: déaruid an drong do chonnairc é: Cáit a bhfuil sé?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 20:7
16 Tagairtí Cros  

Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.


Beidh conablach Ízeibil mar aoileach ar an ithir (i gcríocha Izréil) i dtreo nach bhféadfaidh aon duine a rá: Ba í seo Ízeibil.’ ”


Ach téadh an duine in éag, agus fanann ina staic; Imíodh an dé as fear, agus cá bhfuil sé?


Fiú dá bhfaigheadh duine bás, agus aiséirí arís, D'fhanfainn ar aimsir mo laethanta go léir, Nó go ndéanfaí fóirithint orm.


Déanann tú é a threascairt go brách, agus imíonn sé leis; Cuireann tú athrú cló air, agus seolann tú uait é.


Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha? Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”


Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís, Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.


Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil.


Ní thagann sé abhaile arís, Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.


Fuadaigh as a leaba é, Agus séanfaidh sin go bhfaca sí riamh é.


Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.


Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna, slánaigh m'anam de bhrí gur pheacaíos ort.”


Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián; le Síseará agus Iábaín cois Chiseon;


Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu, na céilí comhraic seo agat; dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad, an dream atá ag cur catha ort.


Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.


Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí