Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar dʼanam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Acht dubhairt Dia leis: A amadáin, anocht féin táthar ag iarraidh d’anama ort; agus cé aige a mbéidh na neithe a sholáthruigh tú?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:20
35 Tagairtí Cros  

Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó, Agus ag ardú a anama chun Dé?


Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála


Ní thig leis síorbheatha a cheannach le súil nach bhfeice sé an uaigh.


Féach mar a thit siad le halt na haon uaire; chuaigh siad ar ceal arna scriosadh le scanradh.


Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill


Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta; ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.


Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.


Ligeann fear gan mhaoin air a bheith saibhir, agus ligeann fear eile lena lán maoine air a bheith dealbh.


Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.


An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.


“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”


Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”


Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.


Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha, mar choinleach tirim, go hiomlán.


A dhaoine gan chiall, nach é an Té a rinne an taobh amuigh a rinne an taobh istigh freisin?


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.


Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.


Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí