Irimia 17:10 - An Bíobla Naofa 198110 Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Misi an TIGHEARNA scrúduim an croidhe, dearbhuim na dubháin, eadhon do thabhairt dá gach uile dhuine do réir a shlightheach, agus do réir toruidh a ghníomh. Féach an chaibidil |
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.