Irimia 17:9 - An Bíobla Naofa 19819 Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 ¶ Atá an croidhe cealgach ós cionn gach uile neithe, agus ro urchóideach: cía fhéadas a fhios do bheith áige? Féach an chaibidil |
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.