Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 17:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Oír biáidh sé amhuil crann plannduighthe láimh ris na huisceadhuibh, agus shíneas amach a fhréamha láimh ris an tsrúth, agus nach dhfaicfidh a núair thig an teasbhach, agus biáidh a dhuille glas; agus ni bhiáidh cúramach a mbiíadhuin an tarta, ní mó scuirfios sé do thábhairt tórindh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 17:8
12 Tagairtí Cros  

Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.


Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin, Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.


Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.


An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.


Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Le céadras sa Liobáin gan amhras, le géaga breátha, beangáin dhlútha agus stoc ard, a bharr i measc na néalta.


Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí