Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 17:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Is beannaithe an fear a chuireann a mhuinín sa Tiarna agus arb é an Tiarna a dhóchas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 17:7
16 Tagairtí Cros  

Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.


Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib; a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,


Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia.


Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.


Chuir sé amhrán nua i mo bhéal: duan dár nDia. Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu, agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.


Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.


Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.


Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar; is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.


Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis.


agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.


Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.


a bheith ar na chéad daoine a chuirfeadh a muinín i gCríost chun moladh agus glóire Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí