Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Míocá 2 - An Bíobla Naofa 1981


Daortar Lucht an tSaibhris

1 Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.

2 Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

3 Dá dheasca sin labhraíonn an Tiarna leo mar seo: Féach! In aghaidh na muintire seo táim ag meabhrú oilc nach dtarraingeoidh sibh bhur muineál saor uaidh; ní shiúlfaidh sibh ceann in airde feasta a dhonacht is a bheidh an uain.

4 An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”

5 Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh chun dorú a leagan daoibh ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.


Aighneas idir an Fáidh agus na Peacaigh

6 “Ná déanaigíse praeitseáil” - sin é a bpraeitseáil siúd - “Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.”

7 An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?

8 Mar sin féin, ní sibhse mo phobal; éiríonn sibh suas ina choinne mar naimhde; baineann sibh a fhallaing den duine síochánta agus déanann sibh cime cogaidh den taistealaí neamhamhrasach.

9 Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.

10 “Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!” Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.

11 Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.


Athchruinniú Iosrael

12 Go cinnte dearfa cruinneoidh mé Iacób go léir; baileoidh mé fuílleach Iosrael le chéile; déanfaidh mé aon bhuíon amháin díobh mar chaoirigh i loc nó mar thréad ar féarach sa chaoi go mbeidh na sluaite ann ag déanamh gleo.

13 Ag gluaiseacht rompu amach beidh an té a dhéanfaidh bearna dóibh. Brisfidh siad an geata agus imeoidh siad amach tríd. Gabhfaidh an rí rompu; is é an Tiarna féin a bheidh mar cheannaire orthu.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí