Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,
1 Tiomóid 2:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is mian liom, d’á bhrigh sin, go ndéanfadh na fir urnaighe san uile áit, agus lámha beannuighthe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aighneas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin as mían rium na fir do dhéunamh úrnuighe sa nuile áit, ag tógbháil súas a lámh náomhtha, gan fheirg gan amharus. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is mian liom, dá bhrí sin, go mbeidh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. |
Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,
Go n‑éirí m'urnaí mar thúis i d'fhianaise; go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.
An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ‘s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.
Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm; chiapas m'anam le troscadh. Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn
De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá, canfaidh mo bheola do mholadh.
Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.
Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Deirim libh go fírinneach, má bhíonn creideamh agaibh agus gan bheith in amhras faoi, ní hé an beart seo amháin an chrann fígí a dhéanfaidh sibh, ach fós, má deir sibh leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’, déanfar sin.
Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;
Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.
Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.
Dúirt Íosa léi: “Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.
‘A Choirnéilias,’ ar sé, ‘tá éiste le do ghuí agus tá cuimhne ar do dhéirc i bhfianaise Dé.
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,
Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.
chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd.
A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.
Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá ormsa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn
Mar is uaibhse amach a leath briathar Dé, agus ní sa Mhacadóin agus in Acháia amháin é, mar tá scéal bhur gcreidimh i nDia scaipthe san uile áit, i dtreo nach gá dúinne aon ní a rá faoi.
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.
Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.
Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.