Salm 134 - An Bíobla Naofa 1981Tráthanna na hOíche 1 Amhrán Oilithreach. 1 Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé. 2 Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra; agus déanaigí an Tiarna a mholadh. 3 Go mbeannaí an Tiarna amach as Síón thú; is é a rinne neamh agus talamh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart