Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 21 - An Bíobla Naofa 1981


Pól ar a Bhealach go Iarúsailéim

1 D'fhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Rodas agus as sin go Patara.

2 Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go Féinicé; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh

3 nó gur thángamar i radharc na Cipire. D'fhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSír agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.

4 Fuaireamar roinnt deisceabal agus d'fhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go Iarúsailéim.

5 Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,

6 agus d'fhágamar slán ag a chéile; chuamarna ar bord na loinge agus chas siadsan ar ais abhaile.

7 Leanamar dár dturas ón Tuír nó gur thángamar go Ptolamaís. Bheannaíomar do na bráithre agus d'fhanamar acu aon lá amháin.

8 D'imíomar linn an lá dár gcionn agus shroicheamar Céasaráia. Chuamar isteach i dteach Philib Soiscéalaí, duine den seachtar, agus d'fhanamar aige.

9 Bhí ceathrar iníon aige, maighdeana, a raibh bua na tairngreachta acu.

10 Bhí tamall caite againn i gCéasaráia nuair a tháinig fáidh darbh ainm Agabas anuas ó Iúdáia.

11 Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”

12 Nuair a chualamar an chaint sin, d'impíomar féin agus muintir na háite air gan dul suas go Iarúsailéim.

13 Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”

14 Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: “Toil an Tiarna go ndéantar.”

15 Tar éis na laethanta sin, d'ullmhaíomar chun bóthair agus suas linn go Iarúsailéim.

16 Tháinig cuid de na deisceabail ó Chéasaráia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnásóin, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige.


Pól ag Tabhairt Cuairte ar Shéamas

17 Ar theacht dúinne go Iarúsailéim, chuir na bráithre na fáiltí geala romhainn

18 agus lá arna mhárach chuaigh Pól ar cuairt linn chuig Séamas. Bhí na seanóirí go léir i láthair.

19 Bheannaigh Pól dóibh agus d'aithris dóibh tríd síos gach a raibh déanta ag Dia i measc na ngintlithe trína chuid freastail.

20 Agus nuair a chuala siadsan an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus atá siad go léir dúthrachtach don dlí.

21 Tá scéala faighte acu ortsa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, á rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh.

22 Cad atá le déanamh mar sin? Mar níl aon amhras ná go gcloisfidh siad go bhfuil tú tagtha.

23 Dá bhrí sin, déan mar a deirimid leat. Tá ceathrar fear againn anseo a bhfuil móid orthu.

24 Beir leat iad agus déan tú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.

25 Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu a achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.”

26 Rug Pól na fir leis agus lá arna mhárach, tar éis dó é féin a íonghlanadh in éineacht leo, chuaigh sé isteach sa Teampall ag fógairt an lae a mbeadh tréimhse an íonghlanta thart agus a ndéanfaí an ofráil ar son gach duine acu.


Pól á Ghabháil

27 Bhí an seacht lá chóir a bheith críochnaithe nuair a chonaic na Giúdaigh ón Áise sa Teampall é. Thóg siad callán i measc an tslua go léir agus ghreamaigh siad Pól

28 ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”

29 Is amhlaidh a bhí siad tar éis Troifimeas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.

30 Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.

31 Bhí siad ag iarraidh Pól a mharú nuair a tháinig scéal chun ceannasaí an díorma go raibh Iarúsailéim ar fad ina círéib.

32 Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéad leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil.

33 Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d'ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.

34 Thosaigh daoine sa slua á rá seo agus daoine eile á rá siúd agus nuair nár éirigh leis aon eolas cinnte a fháil mar gheall ar an ngleo, d'ordaigh sé é a thabhairt isteach sa dúnfort.

35 Nuair a shroich sé na céimeanna bhí an slua chomh fíochmhar sin go raibh sé á iompar ag na saighdiúirí,

36 mar bhí an slua ar fad ar na sála orthu agus iad ag screadach: “Tóg uainn é.”

37 Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dúnfort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” D'fhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat?

38 Ní tú mar sin an tÉigipteach úd a chuir an cheannairc ar bun tamall ó shin agus a sheol an ceithre mhíle de na meirligh amach san fhásach?”

39 “Is Giúdach ó Tharsas na Siléise mé,” d'fhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.”

40 Thug sé an cead dó agus sheas Pól ar na céimeanna agus d'fhógair ciúnas ar an slua le comhartha láimhe. Tháinig ciúnas domhain orthu agus labhair sé leo sa teanga Eabhra mar a leanas.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí