Gníomhartha 21:4 - An Bíobla Naofa 19814 Fuaireamar roinnt deisceabal agus d'fhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go Iarúsailéim. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)4 Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus dʼfhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara4 Agus ó fuaireamar deisciobail annsin, d’fhanamar ann seachtmhain: agus dubhairt siad-san le Pól tríd an Spiorad, gan dul suas go h-Ierusalem. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)4 Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’fhanamar annsin seachtmhain: agus do bhíodar g‐á rádh le Pól tríd an Spiorad, gan cos do chur i nIarúsalem. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)4 Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá, agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. Féach an chaibidil |