Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 21:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Fuaireamar long ansiúd a bhí ag dul go Féinicé; chuamar ar bord agus ghluaiseamar chun bealaigh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Thángamar ansin ar long a bhí le dul trasna na farraige go Féinícia, agus chuamar ar bhord agus sheolamar uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus nuair a fuaireamar long ag dul trasna go Peinic, chuadhamar ar bórd, agus sheolamar inntí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus fuaramar long do bhí ag dul trasna go Foinícé, agus do chuamar ar bórd, agus do ghluaiseamar fá sheol.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus ar bhfagháil luinge dhúinn ann sin do bhí ag tríall go Pheníce, do chúamar innte, agus do sheólamar romhainn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluaiseamair.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 21:2
5 Tagairtí Cros  

D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.


Rinne an Eaglais iad a thionlacan chun bealaigh, agus ag gabháil dóibh trí Fhéinice agus tríd an tSamáir, d'aithris siad dóibh mar a bhí na págánaigh ag iompú chun Dé, scéal a chuir ardáthas ar na bráithre go léir.


nó gur thángamar i radharc na Cipire. D'fhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSír agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.


Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí