Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 28 - An Bíobla Naofa 1981


Impí agus Altú Buíochais
1 Le Dáiví.

1 Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.

2 Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort a iarraidh do chúnaimh, ‘s mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna, i dtreo do shanctóra naofa.

3 Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.

4 Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha agus mioscais a n‑ainbheart. Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh: déan an comhar a dhíol leo.

5 Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna agus saothar a lámh. Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.

6 Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé le glór mo ghuí.

7 Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.

8 Is é an Tiarna neart a phobail, is é dídean shábháilte a ungthaigh é.

9 Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d'oidhreacht, á gcothú agus á n‑iompar go brách.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí