Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 2:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom - ceapadh mise i mo bholscaire agus i m'aspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Is chuige sin a ceapadh mise i mo sheanmóirí agus i mʼaspal (is í an fhírinne atá á hinsint agam, níl bréag orm), agus mar mhúinteoir creidimh agus fírinne do na Gintlithe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Chuige sin is eadh do h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe agus im abstal (is í an fhírinne atá agam d’á rádh, ní bréag í), im’ theagascthóir chum an creideamh agus an fhírinne do mhúineadh do na Cineadhachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Chum ar hórduigheadh misi um sheanmóntuigh, agus um absdal, (lábhruim a nfírinne a Gcríosd, ní dhéunuim bréug); um fhear teaguisg na Gcineadhach, a gcreideamh agus a bhfírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 ní bréag atáim a rá ach an fhírinne lom–ceapadh mise i mo bholscaire agus i mʼaspal aige chun an creideamh agus an fhírinne a mhúineadh do na gintlithe.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 2:7
27 Tagairtí Cros  

Is dílis agus is cóir iad a oibreacha; is daingean iad a aitheanta go léir.


Bhí mise, Cóheilit, i mo rí ar Iosrael in Iarúsailéim


Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach -


Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?


Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d'eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d'oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh.


Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’ ”


ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d'fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.


“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m'ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael.


Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,


Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh?


Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m'fheidhmeannais a bheidh mé


bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.


Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá


Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna?


Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:


nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith


Dearbhaím i bhfianaise Dé nach bhfuil focal bréige ina bhfuil á scríobh agam.


Tá a fhios againn ar a shon sin nach ó chomhlíonadh an dlí a fhíréanaítear duine ach trí chreideamh in Íosa Críost, agus dá réir sin chuireamar féin ár gcreideamh in Íosa Críost ionas go bhfíréanófaí sinn de bharr ár gcreidimh ann seachas de bharr an dlí a chomhlíonadh, mar “ní fhíréanófar neach ar bith de bharr comhlíonadh an dlí”.


Agus nuair a d'aithníodar an grásta a bhí bronnta orm, thug na crainn taca sin, Séamas agus Céafas agus Eoin, deaslámh na páirte dom féin agus do Bharnabas, ar chuntar go rachaimisne chuig na gintlithe agus iad féin chuig na Giúdaigh.


Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh.


Agus táimse ceaptha i mo fhógróir agus i m'aspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin.


murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n‑éagráifeach;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí