Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Tiomóid 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar athchuingheacha, urnaighthe, eadar‐ghuidhe, altú ar son an uile dhuine;

2 ar son righthe agus ar son na ndaoine atá árd i gcéim; chum go gcaithfimíd saoghal suaimhneasach, síothchánta, i ngach crábhadh agus i ngach cneastacht.

3 Is maith agus is taithneamhach an nidh seo i bhfiadhnaise Dé ár Slánuightheoir,

4 gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne.

5 Óir ní fhuil ann acht an t‐aon Dia amháin, agus an t‐aon idir‐mheadhóntóir amháin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,

6 thug é féin mar éiric ar son an uile dhuine, gur tugadh a fhiadhnaise ’n‐a am féin.

7 Chuige sin is eadh do h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe agus im abstal (is í an fhírinne atá agam d’á rádh, ní bréag í), im’ theagascthóir chum an creideamh agus an fhírinne do mhúineadh do na Cineadhachaibh.

8 Is mian liom, d’á bhrigh sin, go ndéanfadh na fir urnaighe san uile áit, agus lámha beannuighthe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aighneas.

9 Agus is mian liom, leis, go gcuirfeadh na mná éadaighe oireamhnacha umpa féin, go geanmnaidhe, banamhail; gan gruaig threillseach, gan ór, ná péarlaí, ná culaithe luachmhara;

10 acht (mar ba cheart do mhnáibh admhuigheas cráibhtheacht) le deagh‐ghníomharthaibh.

11 Glacadh an bhean teagasc go ciúin, ceannsa. Acht ní cheaduighim do’n mhnaoi teagasc do thabhairt,

12 ná ceannas do bheith aici ar an bhfear, acht caithfidh sí fanamhain ’n‐a tost.

13 Óir ba é Ádhamh ba thúisce do cumadh, agus Éabha ’n‐a dhiaidh sin.

14 Agus níorbh é Ádhamh do mealladh, acht do mealladh an bhean, gur éirigh sí cionntach i bpeacadh.

15 Acht cheana tiocfaidh sí slán tré iomchar clainne, acht go leanann siad de’n chreideamh, de’n ghrádh, agus de’n naomhacht, le macántacht.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí