Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 2:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar athchuingheacha, urnaighthe, eadar‐ghuidhe, altú ar son an uile dhuine;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Iarraim oraibh mar sin ar dtús bheith ag déanamh achainíocha agus urnaithe agus idirghuí agus altuithe buíochais ar son an chine dhaonna uile,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin teaguisgim, thair gach éinní, athchuinghe, guidhe, urnuighe, agus altughadh, ar son na huile dháoineadh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfar urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an luchta ceannais uile,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Ar an ábhar sin, impím ort sa chéad áit go ndéanfaí urnaithe agus achainíocha agus iarratais agus altú ar son an uile dhuine, agus go háirithe ar son ríthe agus an lucht ceannais uile,

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 2:1
26 Tagairtí Cros  

Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:


Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad.


Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin;


Óir ar dtús thugas daoibh, mar fuaras é, go bhfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaidhe, de réir na scrioptúir:


Ar mhodh gur spreagamar Títus, fá mar thosnuigh sé cheana air, go gcuirfeadh sé an grása so chum críche ionnaibh‐se, leis.


D’á bhrigh sin iarraim oraibh gan dul i laige mar gheall ar mo phiantaibh ar bhur son: is iad bhur nglóir iad.


ag breith buidheachais de shíor as ucht an uile nidh le Dia Athair i n‐ainm an Tighearna Íosa Críost;


ag síor‐ghuidhe le gach saghas urnaighthe agus athchuinghe san Spiorad, ag faire chuige sin le gach dúthracht agus eadarghuidhe ar son na naomh uile,


Do‐bheirim buidheachas lem’ Dhia gach uair chuimhnighim oraibh,


Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.


agus go méaduighidh an Tighearna an grádh ionnaibh go líonmhar d’á chéile, agus do chách, mar atá againn féin daoibh‐se;


Is dual dúinn buidheachas do thabhairt go síor, do Dhia ar bhur son‐sa, a bhráithre, mar is cuibhe, de bhrigh go bhfuil bhur gcreideamh ag dul i neart, agus grádh gach duine agaibh d’á chéile ag méadú go mór;


gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne.


Bean atá ’n‐a baintreabhaigh dá ríribh, agus í fágtha ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muinighin as Dia, agus leanann sí d’athchuingheachaibh agus d’urnaighthibh d’oidhche agus de ló.


Agus ní ceart do sheirbhíseach an Tighearna bruighean do bhrostú, acht bheith cneasta leis an uile dhuine, bheith ullamh chum teagasc do thabhairt,


Óir do foillsigheadh grása Dé, ag slánú an uile dhuine,


gan olc do labhairt i dtaobh aon duine, gan bheith bruigheanach, bheith ceannsa, ag taisbeáint gach macántachta do gach uile dhuine.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéadna chum lán‐dearbhthacht dóchais do chothú go deireadh:


Admhuighidh bhur bpeacaidhe d’á chéile, d’á bhrigh sin, agus guidhidh ar son a chéile, chum go leigheasfar sibh. Is mór an éifeacht atá i n‐urnaighe dhúthrachtaigh ó fhear fíréan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí