Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 24 - An Bíobla Naofa 1981


Sanctóir Dé
1 Salm le Dáiví.

1 Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann.

2 Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.

3 Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna? Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?

4 An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.

5 Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin agus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.

6 A leithéid sin a bhíonn á lorg: a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.

7 Ardaigí bhur lindéir, a gheataí, agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach!

8 Cé hé an Rí seo na glóire? An Tiarna atá láidir, tréan; an Tiarna atá tréan i gcogadh.

9 Ardaigí bhur lindéir, a gheataí, agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach!

10 Cé hé an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é, Dia na slua, sin é Rí na gloire.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí