Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 24:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

1 Is leis an Tiarna an talamh, agus a bhfuil ann: an chruinne agus a maireann uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

1 ’S le Dia an talamh a’s a lán; An domhan ’sa bhfuil ann;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 As leis an TTIGHEARNA an talamh, agus a iomláine; an sáoghal, agus an mhéid áitreabhas ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Salm le Dáiví. 1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire, an domhan ar fad agus a maireann ann.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 24:1
18 Tagairtí Cros  

Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.


A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d'ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.


Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”


Cé chuir an chruinne faoina chúram Agus an saol mór ina iontaoibh?


Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal, Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.


Cé a d'fhéadfadh é ionsaí agus teacht slán? Ní fhéadfadh neach faoin spéir.


Óir is liom ainmhithe uile na coille agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.


Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é, óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.


Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d'eascairde le do chuisle chumhachtach.


Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.


Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl, an domhan agus a maireann ann.


Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.


D'fhreagair Maois é: “A luaithe a fhágfaidh mé an chathair, sínfidh mé mo lámha i dtreo an Tiarna; stadfaidh an toirneach agus beidh deireadh leis an gclochsneachta, i dtreo go mbeidh a fhios agat gur leis an Tiarna an domhan.


Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.


Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,


mar “is le Dia an domhan agus a bhfuil ann”.


Is leis an Tiarna do Dhia na flaithis agus flaithis na bhflaitheas, an domhan agus gach a bhfuil ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí