1 Tiomóid 2:9 - An Bíobla Naofa 19819 Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh, Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus is mian liom, leis, go gcuirfeadh na mná éadaighe oireamhnacha umpa féin, go geanmnaidhe, banamhail; gan gruaig threillseach, gan ór, ná péarlaí, ná culaithe luachmhara; Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Ar an gcuma chéanna is mian liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluachach, Féach an chaibidil |