Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:50 - An Bíobla Naofa 1981

50 Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Chuaigh sé rompu ansin amach as an gcathair chomh fada le Bétáin, agus thóg sé a lámha in airde lena bheannacht a fhágáil orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Agus thug sé amach leis go Betánia iad, agus ag tógáil a lámh dó, thug sé a bheannacht dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Agus rug sé amach fá dhéin Bhetánia iad: agus do thóg sé a lámha, agus do bheannuigh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Agus rug sé amach go soithe Betánia íad, agus ar dtóghbháil a lámh, do bheannuigh sé íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus thóg sé a dhá láimh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:50
15 Tagairtí Cros  

Déan béile bia blasta dom mar is maith liom agus tabhair chugam é go n‑íosfaidh mé agus mo bheannacht a chur ort roimh bhás dom.”


“Sin iad,” arsa Iósaef lena athair, “mo mhic-sé, a bhronn Dia anseo orm.” Agus dúirt seisean: “Tabhair anseo i leith chugam iad, le do thoil, go gcuirfidh mé mo bheannacht orthu.”


Sin iad go léir dhá threibh déag Iosrael; agus sin é a dúirt a n‑athair leo agus é á mbeannú. Bheannaigh sé iad agus chuir beannacht chuí ar gach ceann díobh faoi leith.


Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas


D'éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.


Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.


Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,


Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é.


Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim.


Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d'ardaigh scamall as a radharc é.


Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.


Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí