Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ghlacadar a suaimhneas, lá na sabóide, de réir na h‐aithne. Acht an chéad lá de’n tseachtmhain, le fáinniú an lae go moch, thángadar go dtí an tuama, agtabhairt na spíosraidh do bhí ullmhuighthe aca leo.

2 Agus fuaradar an chloch iompuighthe i leathtaoibh ó’n tuama.

3 Agus do chuadar isteach ann, agus ní fhuaradar corp an Tighearna Íosa.

4 Agus tharla, nuair do bhí mearbhall ortha ’n‐a thaobh sin, gur, féach, do sheas beirt fhear ’n‐a n‐aice, agus éadaighe lonnracha ortha:

5 agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?

6 Ní h‐annso atá sé, acht atá sé aiséirighthe: cuimhnighidh mar adubhairt sé libh agus é fós san nGalilé, g‐á rádh

7 gurbh éigean go dtiubharthaidhe Mac an Duine ar láimh do na peacachaibh, agus a chéasadh, agus a aiséirghe an treas lá.

8 Agus do chuimhnigheadar ar a bhriathraibh,

9 agus d’fhilleadar ó’n tuama, agus d’inniseadar na neithe sin uile do’n aon duine déag, agus do na daoinibh eile go léir.

10 Agus do b’iad Máire Mhagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Shéamais, agus na mná eile do bhí n‐a bhfochair d’innis na neithe sin do na h‐abstalaibh.

11 Acht do mheasadar‐san nach raibh ’n‐a mbriathraibh acht mar bhéadh cainnt gan chéill; agus níor chreideadar iad.

12 Acht d’éirigh Peadar, agus do rith sé isteach sa tuama; agus ag cromadh agus ag dearcadh isteach dó, do chonnaic sé na h‐éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé chum a thighe ag déanamh ionganta d’á dtarla.

13 Agus féach, do bhí beirt aca ag dul an lá céadna sin fá dhéin baile bhig darbh ainm Emmáus, do bhí trí fichid staid ó Iarúsalem.

14 Agus do bhíodar ag cómhrádh le chéile i dtaobh na neithe sin uile do thuit amach.

15 Agus tharla, agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile, gur tharraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur shiubhail sé i n‐éinfheacht leo.

16-17 Agus do coisceadh a súile gan a aithint. Agus adubhairt sé leo, Créad é an t‐adhbhar cainnte atá agaibh, sa tsiubhal daoibh? Agus do stadadar, agus cuma an bhróin ortha.

18 Agus d’fhreagair duine aca, darbh ainm Cléopas, agus adubhairt sé leis, An tusa an chéad duine amháin chómhnuigheas i nIarúsalem nach eol dó na neithe do thuit amach ins na laethibh seo?

19 Agus adubhairt seisean leo, Créad iad na neithe? Agus adubhradar‐san leis, Na neithe i dtaobh Íosa Nasardha do bhí ’n‐a fháidh cumhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine:

20 agus cionnas thug na h‐árd‐shagairt agus ár n‐uachtaráin ar láimh é le n‐a dhaoradh chum báis, agus do chéasadar é.

21 Acht do bhí súil againne go mba eisean do bhí chum Israel d’fhuascailt. Thairis sin, is é seo an treas lá ó thuit na neithe sin amach.

22 Agus fós do bhí mná linn do chuir iongnadh orainn, iar mbeith dhóibh ag an tuama le h‐éirghe lae;

23 agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo.

24 Agus do chuaidh roinnt díobh‐san do bhí n‐ár bhfochair go dtí an tuama, agus fuaradar mar adubhairt na mná: acht ní fhacadar é féin.

25 Agus adubhairt sé leo, A dhaoine díchéillidhe, dúr‐chroidheacha chum gach a ndubhairt na fáidhe do chreideamhain!

26 Nárbh éigean do’n Chríost na neithe sin d’fhulang ar an gcuma sin, agus dul isteach ’n‐a ghlóir?

27 Agus ag tosnú dhó le Maois agus leis na fáidhibh, do mhínigh sé dhóibh gach a raibh ins na scrioptúiribh ’n‐a thaobh féin.

28 Agus do bhíodar ag druidim leis an mbaile beag chum a rabhadar ag dul: agus, de réir cosmhalachta do bhí sé ag dul níba shia.

29 Acht do chuireadar tathant air, g‐á rádh, Fan againne: óir atá sé ’n‐a thráthnóna, agus atá an lá caithte cheana féin.

30 Agus do chuaidh sé isteach ag fanamhain aca. Agus tharla, nuair do bhí sé ’n‐a shuidhe chum bidh ’n‐a bhfochair, gur thóg sé an t‐arán, agus gur bheannuigh sé é, agus gur bhris agus go dtug sé dhóibh é.

31 Agus do foscladh a súile, agus d’aithnigheadar é: agus d’imthigh sé as a radharc.

32 Agus adubhradar le chéile, Nach raibh ár gcroidheacha ar lasadh ionnainn nuair do bhí sé ag cainnt linn ar an mbóthar, agus é ag míniú brighe na scrioptúir dúinn?

33 Agus d’éirigheadar an uair chéadna sin, agus d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do bhí i n‐éinfheacht leo i bhfochair a chéile,

34 agus adubhradar‐san leo, Atá an Tighearna éirighthe go deimhin, agus do thaisbeán sé é féin do Shíomón.

35 Agus d’inniseadar féin gach ar thuit amach ar an slighe, agus cionnas d’aithnigheadar é ar bhriseadh an aráin.

36 Agus le linn na cainnte sin dóibh, do sheas sé féin ’n‐a measc, agus adubhairt sé leo, Síothcháin daoibh.

37 Acht do bhí scannradh agus crith‐eagla ortha, agus do shíleadar gur spioraid do chonnacadar.

38 Agus adubhairt seisean leo, Cad chuige a bhfuil buaidhirt oraibh? agus cad chuige a bhfuil ceisteanna ag éirghe i n‐bhúr gcroidhe?

39 Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mise atá ann: cuiridh bhúr lámha orm, agus féachaidh; óir ní fhuil feoil agus cnámha ag spioraid, mar do‐chí sibh a bheith agam‐sa.

40 Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do thaisbeán sé a lámha agus a chosa dhóibh.

41 Agus ó bhíodar díchreidmheach fós le méid a n‐áthais, agus iad ag déanamh ionganta, adubhairt sé leo, An bhfuil rud ar bith le n’ithe agaibh annso?

42 Agus thugadar dó blúire d’iasc rósta.

43 Agus do ghlac sé é, agus d’ith sé é os a gcómhair.

44 Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.

45 Annsin d’fhoscail sé a h‐inntinn dóibh, chum go dtuigfidís na scrioptúirí;

46 agus adubhairt sé leo, Is amhlaidh atá scríobhtha gurbh éigean do’n Chríost fulang, agus aiséirghe ó na marbhaibh an treas lá;

47 agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.

48 Agus is fiadhnaisí sibh‐se ar na neithibh sin.

49 Agus féach, atáim ag cur geallamhna m’Athar chugaibh: acht fanaidh‐se sa gcathair, nó go gclúduightear sibh le cumhacht ó neamh.

50 Agus rug sé amach fá dhéin Bhetánia iad: agus do thóg sé a lámha, agus do bheannuigh sé iad.

51 Agus tharla, nuair do bhí sé g‐á mbeannachadh, gur scar sé leo, agus gur tógadh suas é ins na flaitheasaibh.

52 Agus d’adhradar é, agus d’fhilleadar go h‐Iarúsalem lán d’áthas:

53 agus do bhídís de ghnáth sa teampall, ag adhmholadh Dé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí