Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus tharla, nuair do bhí mearbhall ortha ’n‐a thaobh sin, gur, féach, do sheas beirt fhear ’n‐a n‐aice, agus éadaighe lonnracha ortha:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a bhí siad in amhras faoi sin, bʼshiúd beirt fhear ina seasamh rompu in éadaí solasta;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus thárla, nuair a bhí uathbhás ortha ina n-aigne fá sin, féach, bhí beirt fhear ina seasamh ag a dtaoibh agus éadach lonnrach ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:4
9 Tagairtí Cros  

Agus ag dul isteach sa tuama dhóibh, do chonnacadar an t‐ógánach ’n‐a shuidhe ar thaobh na láimhe deise, agus brat geal air; agus tháinig uathbhás ortha.


Agus do sheas aingeal ó’n Tighearna le n‐a n‐ais, agus do shoillsigh glóir an Tighearna ’n‐a dtimcheall: agus do bhí eagla mhór ortha.


agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?


Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar.


Agus féach aingeal an Tighearna ’n‐a sheasamh ’n‐a aice, agus do dheallruigh solas san charcair: agus do bhuail sé Peadar san gcliathán, gur dhúisigh sé é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh de láthair. Agus do thuit na slabhraidhe d’á lámhaibh.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí