Lúcás 24:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)41 Agus ó bhíodar díchreidmheach fós le méid a n‐áthais, agus iad ag déanamh ionganta, adubhairt sé leo, An bhfuil rud ar bith le n’ithe agaibh annso? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)41 Agus nuair nár fhéad siad a chreidiúint go fóill trí mhéid a lúcháire agus a n‑iontais, ar seisean leo, “An bhfuil bia ar bith agaibh anseo?” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara41 Agus nuair nár chreid siad go fóill, agus iad ag déanamh iongantais tré lúthgháir, dubhairt sé: An bhfuil dadamh annseo agaibh le h-ithe? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)41 Achd ar mbeith míchreidmheach dhóibhsion fós tré gháirdeachas, agus ag déanamh iongantais, a dubhairt seision ríu, An bhfuil bíadh ar bith agaibh ann so? Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)41 Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh’íosfí? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201241 Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionaidh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a dʼíosfaí?” Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198141 Agus ó bhí siad gan a chreidiúint fós le barr áthais, agus iad ag déanamh ionadh de, dúirt sé leo: “An bhfuil rud ar bith anseo agaibh a d'íosfaí?” Féach an chaibidil |