Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 24:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus ag tosnú dhó le Maois agus leis na fáidhibh, do mhínigh sé dhóibh gach a raibh ins na scrioptúiribh ’n‐a thaobh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Agus ag tosnú le Maois agus leis na fáithe uile, mhínigh sé dóibh an méid a bhí sna scrioptúir go léir ag baint leis féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Agus ag toiseacht le Maoise agus leis na fáidhe go léir, mhínigh sé dóibh na neithe a bhain leis féin ins na scrioptúirí uilig.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus ar dtionnsgnadh ó Mháoisi agus ó na faighibh uile, do eidirmhínigh sé dhoibh ann sna huile sgriopturaibh na neither bhi dhá tháobh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 24:27
50 Tagairtí Cros  

agus níor labhair sé leo acht i samhlaoidibh: acht do mhínigh sé gach aon nidh i leathtaoibh d’á dheisceablaibh féin.


Agus adubhairt sé leo, A dhaoine díchéillidhe, dúr‐chroidheacha chum gach a ndubhairt na fáidhe do chreideamhain!


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.


Adubhairt Ésáias é sin, toisc go bhfaca sé a ghlóir; agus do labhair sé ’n‐a thaobh.


Agus an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé fiadhnaise im’ thaobh. Ní, chualabhair‐se a ghuth ariamh agus ní fhacabhar a ghné.


Cuarduigheann sibh na scrioptúirí, óir measann sibh gur ab ionnta atá an bheatha shíorraidhe agaibh; agus is iad sin do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh‐sa;


Is dó‐san do‐bheir na fáidhe go léir fiadhnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gach éinneach chreideas ann do‐gheobhaidh sé maitheamhnas na bpeacadh.


Acht is ar an gcuma sin do chóimhlíon Dia an méid a thug Dia le tuigsin daoibh roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go gcaithfeadh a Chríost fulang.


Óir adubhairt Maois, Tógfaidh an Tighearna Dia fáidh dhaoibh, mar mise, as lár bhúr mbráithreach; éistfidh sibh leisean maidir leis an uile nidh adéarfas sé libh.


Na fáidhe go léir ó Shamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, an méid díobh do labhair, d’fhógradar na laethe sin.


Is é an Maois sin adubhairt le clainn Israel, Tógfaidh Dia suas fáidh mar mise dhaoibh as lár bhúr mbráithreach.


Agus d’fhoscail Pilib a bhéal, agus ag tosnú dhó ó’n scrioptúir sin, d’innis sé i dtaobh Íosa dhó.


Agus do thuiteas síos ag a chosaibh chum adhradh do dhéanamh dhó; acht adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh go bhfuil fiadhnaise Íosa aca: déan adhradh do Dhia, óir is í fiadhnaise Íosa spiorad na tarngaireachta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí