Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Matha 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Matha 9

1 Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin.

2 Agus féach, tugadh chuige fear pairiliseach, agus é ’n‐a luighe ar leabaidh: agus nuair thug Íosa fá ndeara an creideamh do bhí aca, adubhairt sé leis an bhfear pairiliseach, A Mhic, bíodh meisneach agat; atá do pheacaidhe maithte dhuit.

3 Agus féach, adubhairt cuid de na scríobhaidhthibh ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐mhasladh.

4 Agus nuair thug Íosa fá ndeara na smaointe do bhí aca, adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag smaoineadh go h‐olc i n‐bhúr gcroidheachaibh?

5 Cia aca is fusa a rádh, Atá do pheachaidhe maithte dhuit; nó a rádh, Éirigh, agus siubhail?

6 Acht, chum go mbéidh a fhios agaibh go bhfuil ar chumas do Mhac an Duine ar talamh peacaidhe do mhaitheamh (adubhairt sé annsin leis an bhfear pairiliseach), Éirigh, tóg do leaba, agus imthigh chum do thighe.

7 Agus d’éirigh seisean, agus d’imthigh sé chum a thighe féin.

8 Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.

9 Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.

10 Agus tharla, agus é ag suidhe chum bidh sa tigh, go dtáinig a lán poibleacán agus peacach, agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisceabal.

11 Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach?

12 Acht nuair do‐chuala seisean é, adubhairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a bhfuil gábhadh le liaigh, acht iad atá breoite.

13 Acht imthighidh agus foghlamaidh brigh na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt: óir ní chum na bhfíréan do ghlaodhach tháinig mé, acht chum na bpeacach do ghlaodhach.

14 Annsin tháinig deisceabail Eoin chuige g‐á rádh, Cad chuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisínigh troscadh go minic, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?

15 Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.

16 Agus ní chuireann aon duine preabán d’éadach nua ar shean‐bhrat; óir baineann sé a lán féin as an éadach, agus is measa‐de an sracadh é.

17 Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon.

18 Le linn cainnte dhó, féach, tháinig uachtarán chuige, agus do shléacht sé dhó, agus adubhairt, Atá m’inghean tar éis báis anois díreach, acht tar agus cuir do lámh uirthi, agus mairfidh sí beo.

19 Agus d’éirigh Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a dheisceablaibh.

20 Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,

21 Muna ndéanad acht baint le n‐a bhrat, béidhead slán.

22 Acht do chas Íosa, agus nuair do chonnaic sé í, adubhairt sé, Bíodh meisneach agat, a inghean; do shlánuigh do chreideamh thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.

23 Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh an uachtaráin, agus nuair chonnaic sé lucht na bhfideog, agus an gleo do bhí ag an sluagh,

24 adubhairt sé, Druididh siar uaim: ní marbh atá an cailín, acht ’n‐a codladh.

25 Agus do‐rinneadar gáire magamhail faoi. Acht nuair do cuireadh na daoine amach, do chuaidh seisean isteach, agus rug sé ar láimh uirthi; agus d’éisigh an cailín aniar.

26 Agus do leath a thuairisc sin ar fud na dúithche sin uile.

27 Agus ag imtheacht d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éighimh, agus g‐á rádh, Déan trócaire orainne, a mhic Dháibhi.

28 Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, tháinig na daill chuige: agus adubhairt Íosa leo, An gcreideann sibh go bhfuil ar chumas dom an nidh seo do dhéanamh? Adubhradar‐san leis, creidimíd, a Thighearna.

29 Annsin do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus adubhairt sé, Go ndéantar daóibh de réir bhúr gcreidimh.

30 Agus do foscladh a súile. Agus thug Íosa foláireamh dhoibh, g‐á rádh, Tabhraidh aire gan a fhios sin do bheith ag aoinneach.

31 Acht d’imthigheadar‐san amach, agus do leathadar a chlú ar fud na dúithche sin uile.

32 Agus ag imtheacht dóibh, féach, tugadh chuige balbhán ’n‐a raibh deamhan.

33 Agus nuair do cuireadh amach an deamhan, do labhair an balbhán: agus do‐rinne na sluaighte iongnadh dhe, agus deiridís, Ní facthas a leithéid sin riamh i nIsrael.

34 Acht adubhairt na Fairisínigh, Is tré phrionnsa na ndeamhan theilgeas sé amach na deamhain.

35 Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta.

36 Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire.

37 Annsin adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach, is mór é an fóghmhar, acht is gann iad na h‐oibridhthe.

38 Guidhidh, d’á bhrigh sin, Tighearna an fhóghmhair, go gcuirfidh sé amach oibridhthe chum an fhóghmhair do bhaint dó.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society